Beidh roinnt post á gcur ar fáil arís i mbliana ag Coláiste Laichtín Naofa do mhic léinn tríú leibhéil.
Beidh na hArdchinnirí seo ag cabhrú le foireann mhúinteoirí le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i measc na scoláirí ar chúrsaí Samhraidh.
Beidh na buntáistí seo ann do na hArdchinnirí:
- Beidh saoire le Gaeilge acu agus bainfidh siad tairbhe as bheith ag fanacht le clann Gaeltachta agus ag obair le foireann mhúinteoirí Gaeilge.
- Beidh lóistín iomlán ar fáil acu saor in aisce.
- Gheobhaidh siad €500 sa láimh in aghaidh an chúrsa.
Má’s mian leat cur isteach ar cheann de na postanna seo, líon isteach, láithreach, an fhoirm iarratais.